Friday 22 January 2016

Eolaí Óg na mBliana

(For those of you who don't understand Irish, keep scrolling down to my previous post which is the English version)

Chuaigh mé ar turas scoile go dtí Comórtas Eolaí Óg na mbliana le déanaí. D'fhág mé an scoil le mo chairde ar a naoi a chlog sa maidin. Thógamar an bhus go dtí an RDS agus shroicheamar an áit ag a deich a chlog. 

Bhí tionscalamh ag mo chairde Jade agus Shamira ann. Rinne siad stáidéar ar dhaoine ag obair le chéile agus ar fhoireann a ndearna dul chun cinn. Ba tionscalamh siceolaíochta é. Bhí a dtionscalamh go han-mhaith agus bhíomar an bródúil as iad. 

Tá suim agam i bhfisic agus mata agus mar a gheall sin chaith mé a lán ama ag féachaint ar tionscalamh a bhaineann leis na rudaí seo. Bhí tionscalamh ag chara mo chara Róisín. Rinne sé stáidéar ar mata agus ceoil agus an gaol atá idir iad. Bhí sé an suimiúil. 

Bhí ar gach duine chun obair go dian nuair a raibh siad ag ullmhú don chomortas. Bhí obair na gcapall le déanamh acu! Thosaigh siad ag obair sa mhí Mean Fomhair agus chaith siad an gheimreadh ag obair gan stad. 

Bhí trí grupaí ó mo scoil sa chomórtas. Mar a dúirt mé chéanna rinne Jade agus Shamira a dtionscalamh ar dhaoine ag obair le chéile. Rinne Linda agus Megan tionscalamh ar bhuacaillí agus cailíní agus cé a insint níos mó bhréag. Rinne Caolann a dtionscalamh ar asma. Bhí gach tionscalamh an-suimiúil, agus bhi an scoil an bhróidiúil as iad. 

Bhain mé an taitneamh as an lá. Chaith mé an lá le mo chairde agus bhí an chraic againn. Chomh maith leis sin, tá spéis agam san eolaíocht agus bhí mé ar mhuin na muice chun an lá a chaitheamh ann. 




No comments:

Post a Comment